Leabhar eile le Máire Ní Ghallchobhair sa tsraith Lúsaí don aoisghrúpa 6-8 mbliana, agus í maisithe ag Peter Donnelly. Cailín beag í Lúsaí atá lán le spraoi agus le greann. Ceapann na daoine fásta go bhfuil sí beagáinín ró-aerach. Ach is deacair Lúsaí a s
Bíonn madraí an-chliste, ach bhí an madra ba chliste ar domhan ag Daideo. Nó sin a deir sé féin!
Pictiúrleabhar as an mbailiúchán Cosa Beaga do léitheoirí óga 6-8 mbliana d'aois.
Tá fiacail caillte ag Máire, agus níl sí in ann teacht uirthi. Céard a dhéanfaidh sióg na bhfiacla anois?
Pictiúrleabhar is ea Fiacail Mháire sa bhailiúchán 'Cosa Beaga' do léitheoirí óga 6-8 mbliana d'aois.
Fadó, i Verona na hIodáile a mhair Romeo agus Juliet. Cé go raibh fuath ag a muintir dá chéile, bhí Romeo agus Juliet go mór i ngrá. Ach tháinig an chinniúint agus a muintir féin sa bhealach ar an ngrá, agus tháinig deireadh tragóideach leis. I nGaeilge shimplí shoiléir, agus le pictiúir den scoth, cuirtear an seanscéal álainn seo faoi bhráid an pháiste den chéad uair. Leabhar é seo a dhúiseoidh samhlaiocht an pháiste.
Níl Mac Tíre sásta siúl in áit ar bith níos mó. Tá sé tuirseach den siúl! Ach mura bhfuil sé sásta siúl, an mbeidh air carr a thiomáint, eitilt in eitleán, nó seoladh i mbád? Sraith trí phictiúrleabhar don aoisghrúpa 4-7 mbliana. Sna scéilíní deasa seo is iad na rudaí céanna a dhéan=ann imní do Mhac Tíre agus a bhíonn ag déanamh imní do gach páiste — an grá; siúl ar scoil; a bheith cróga, srl. Leabhair álainn soláimhseáilte iad le léamh os ard sa bhaile nó ar scoil.
Mac Tíre is frightened of his own shadow! All the other wolves laugh at him. He’s afraid he isn’t a proper wolf. In the end, Mac Tíre takes to the road to find his courage. A series of three picturebooks for 4-7 year olds. In these charming stories Mac Tíre the wolf has the same questions other children have—why is walking to tiresome? Why don’t I have a special friend? Why am I so scared? These beautiful picture books are easily handled by children and are ideal for reading aloud at home or at school.
Bhí mac tíre ann fadó agus bhí sé tuirseach den saol. Lá amháin, shocraigh sé go n-imeodh sé ag taisteal. Thug sé cuairt ar thíortha agus ar bhailte móra ar fud an domhain, agus chonaic sé iontais mhóra an tsaoil. Ach ba ghearr gur tháinig uaigneas air.
Bhí mac tíre ann fadó, agus bhí an-tóir aige ar an bhfarraige. Bhí tóir aige ar na báid a bhí ag seoladh uirthi agus ar na héisc a bhí ag snámh inti. Lá amháin, tháinig sé ar mhapa, mapa d’órchiste ar oileán san fharraige. Bhí sé in am a sheolta a chrochadh!
Bhí mac tíre ann fadó agus, lá amháin, bhreathnaigh sé scathán agus dúirt sé leis féin gur mhaith leis a bheith ina shárlaoch. 'Beidh sé thar barr,' ar sé, ‘beidh culaith iontach orm, rachaidh mé i gcabhair ar dhaoine agus beidh gach duine an-mhór liom!'